Lig Sinn I gCathú

An Todhcaí
Tá an teanga ar an slí amach. I gceann caoga bliain, ní bheidh aon Gaelgeoirí duchasach ann a thuile, agus ag an t-am sin siúlfaidh an dochtúr (nó an sagart, má mharann an Eaglais) síos sráidte Átha Cliath go Sráid Fhearchair, casfaidh sé isteach sa Chonradh agus fógróidh sé an nuacht. "Tá sí imithe ar slí na Fírinne". Ni chreidfidh aoinne é. Beidh an Chlub lán de phatrúin ó Dhún Laoghaire agus Rath Fhearnam nach gcreidfidh ar feath soicind amháin nach Gaelgeoirí ceart iad féin. Chuirfidh fear an mbeáir glaoch ar Chorcaí, Gaillimh agus Béal Feirste ar aon chaoi. Cuirfidh Corcaigh an milléan ar Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh Gaillimh an milléan ar an bheirt acu. Ní admhóidh Béal Feirste an briseadh ar chor ar bith, ach cúiseoidh siad na hAontachtóirí as seift a imirt - Paisley arís, fiú gur 131 bliain d'aois é. Ni bheidh aon duine fágtha ins an gCeathrú Rua chun caoineadh a dheanamh. I Daingean Uí Chuis, inseoidh na freastalaithe do na turasóirí Meiriceánach faoin nuacht agus deirfidh na Yanks le h-ionraic agus dea-ghuí gur trua mór é. Tugfaidh an t-uachtaráin oráid ar an teilifís ag tosú le "A dhaoine uaisle" agus ag críochnú le "beir bua agus beannacht", ach go craptha agus le braoinín néirbhíseachas. Glaofaidh na mílte isteach ar Liveline chun gearáint agus beidh seachtain speisíalta ar RTÉ 1 ag cuimhniú ar Máirtín Uí Chadhain, Art Mac Cumhaigh agus Hector Ó hEochagáin. Cuirfear dealbh de Dhubhghlás de hIdé suas in áit Phallus na Phríomhchaithre agus ceann nua-aimseartha as cré-umha ar barr Sráid Ghrafton. Imeoidh an céadtadán de chainteoirí líofa suas ó 25% go 90% ar an gcéad Census tar éis an fógra. Imeoidh an céadtadán de chainteoirí líofa i ndáiríre suas ó 2% go 2.2%.

Ach cén difríocht? Beidh an teanga marbh. Tá SEIF aici anois, no galar éigin eile - níl aon rud ró-dona le feiceáil fós, ach cinnte nach bhfanfaidh sí linn go síoraí. Cad is féidir a dhéanamh? Faic. Ní oibróidh athbheochán eile, nó curriculum nua scoile nó aon rud eile.

Táim fulangach, mar sin. Níl uaim ach go mbeimse an dochtúr sin, a inseoidh don phobal gur amadáin iad go léir agus mé féin san áireamh.

Comments